Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán a' Bhuille Mhóir
Bhí fear ar thua na Cinn t-Sáile go raibh thoirt mór ann agus é chómh láidir le capall. Ní raibh aon fhear i n-aon áird a bhfeadfadh an barraidheacht d'fhagháil air i gcleas lútha ar bith. Tháinig gaiscídheach go Sasana gur mhór aige é féinig is a chuid cleasuideachta agus do chuir sé a dhubhshlán fé aon fhear san tír sin é a'throid le claidheamh.
D'airigh muintear Shasana go raibh amhlachas Sheáin i gCionn t-Sáile agus do chuir a lucht ceannais iarriadh air agus do chuaidh anonn. D'fhiafruigh a'rí de a dtroidfeadh sé a'fear san. "Troidfead" arsa Seán "má faghaim spás". "ahus cad tá uait?" arsan rí. "Ó tá sin" arsa Seán "Caithfir me chothú feadh bliadhna. Caithfir mairt trí bhliain a thabhairt dom, arán trí threabhadh, agus lionn seacht mbliadhain." o tugadh do íad agus do bhí Seán tréan go leór i gceann na bliadhna.
D'orduigh sé do'n rí annsan mar a rabhadar chun troidte roillseach a chur tímcheall air, troig cearnógach d'aiste adhmaid agus barra iarainn rithe trí na lár trí órdlaigh ar reimhdeas. Do dheineadh é sin agus seachtmhain sar adtáinig lá a' chomraic do rug a'rí Seán dá armáil chun go dtoghfadh sé claidheamh ach fé mar a bhearfadh sé ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Bealacoosheen Cove, Co. Chorcaí