Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceann, le h-ao' chrothadh amháin do dhéanfadh sé dhá leath dhe.
Bhí iongnadh thar fheara ar a'rí. "Níl ao' chlaideamh san áit seoa sheasóchadh liom" arsa Seán "fáin tá sean-cheann sa bhaile agam fé thaobhán a'dín agus dá mbeadh sé agam anois is dóich liom go seasóchadh sé." Do chomáin a'rí áthach luath fé sheól go Cionn t-Sáile. Ar Cúirsea(?) do chómhnuigh Seán ag d'aimsígheadar a thigh agus do thógadar a'claidheamh go h-aicillidheach mar do thug Sheán órddúghadh dhóibh gna baint leis fán é thabhairt cuige mar a bhí sé.
Do rugadar anonn gruig Seán é agus do bhain sé crothadh as i láthair a'riogh. Do bhuail a dhá cheann ar a chéile agus d'imigh an meirg sa spéir. "Is dóigh liom", 'eisean leis a'rí "go ndéanfaidh sé seo an gnó."
Do tháinigh a'lá agus do fuadar ar a'marc. Gaibh Seán tímcheall ar a'stáidse agus a chlaidheamh 'na láimh. Do tharraig sé buille ar a'roillseach agus do ghearr tríd é. Tharraig sé an tarna buille agus do dhein a'cleas ceadna leis. 'Nuair a chonnaic an t-allmhúrach cad abhí déanta ag a chéile-chomraic chuir sé uime a chuid éadaigh agus do theich séleis féin chómh tuigh is dob' fhéidir leis.
I dtaobh a fheabhasa, dubhairt a'rí le Seán, am méid a shiubhalóchadh sé i ló ar druim chapaill go mbeadh sé mar mháistir air. Tháinig sé i dtír i gCionn t-Sáile agus do fuaireadh capall ullamh dó agus b'eo chun bhóthair é ar a dtaobh thiar de'n abhainn ó thuaidh. Ba ghearr a chuaidh sé 'nuair a chonnaic sé bean go raibh sé munitearda léi agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Bealacoosheen Cove, Co. Chorcaí