Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go flúirseach taobh theas d'Éirinn do bhí íascaire 'na chómhnuidhe i gCóbh. B'é an ainm a bhí air ná Seán De Róin.
Fear dána ar a' bhfairrge do b'eadh é agus do cheap sé dhó féin gur mhó an t-airgead a dhéanfadh a' smugailéireacht ná ag iasgach. Tráiléar beag a bhí aige, mar a dearfá fiche tuna agus do cheap sé dul sa bhFrainnc, agus pé beag ná amór airgead a bhí aige do thug sé a luach i n-éadach, tabac agus biotáile.
Do tháinig sé leis agus tháinig sé i dtír i gCóbh agus do dhíol a ualach i gan fhios do na oifigí.
Bhí an obair sin ar siubhal aige ar feadh tamaill mhóir agus do bhí a rith leis i gcómhnuidhe.
Tráthnóna breágh bhí sé a' teacht agus uallach trom aige agus do rith sé isteach i gCuan Chorcaighe.
Ar ball chonnaich sé na h-oifigí a' déanamh air agus dubhairt sé leis féin go raibh a chnaipe déanta.
Do fuair sé ceathar no cúig athaistí agus do cheangail sé dá chéile íad. Do pholl sé an bád agus d'imthigh sí síos agus d'fhan sé féin agus a chrú ar na h-athaistí go dtí gur tháinig na h-oifigí suas leó. Dubhairt Seán leo gur lán d'iasc a bhí sí aige agus chaitheadar scaoileadh leis.
I gcionn tamaill eile fuair sé bád nua agus do chuaidh sé sa bhFrainnc airís. Do rith sé a chúig nó a sé úaire go Cuan Dor agus na baill bheaga tiar agus do thagadh sé uaireannta ar a' gCóbh agus ladhar éisc aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Donnabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Baile Loc, Co. Chorcaí