Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 206
  3. XML “Smuigléireacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Théidís annsan go Mágh Chromtha, go Droichead na Bandan nó go Dún Maon Bhuidhe.Thógaidís na sean-bhóithaireacha agus ní ghebhfaí i ngiorracht d'aon bhearraic.
    Do bheadh beirt armálta rómpa amach agus dá theaspáinfeadh aon fear-ríogh é féin do thuitfeadh sé nó bheadh sé an-mhear.
    Do thagadh muintear na Frainnce féin le h-uallaí agus do bhíodh margadh déanta acga le muintir a'bhaill roimh ré. 'Nuair a thagadh sí sin (an bád), cur i gcás go dtiocfadh sí go Dún Uí Cabhthaigh, d'fhanadh sí amuigh sa droim chun go mbíodh a'tráthnóna ann.
    Do ghearróchadh sí ar a'dtalamh annsan ar tuitim na h-oidhche agus do dhéanfadh sí cómharthaí d'fhear a' tailamh le solas. Bheadh sé sin amuigh gan moill agus d'fháiscfeadh síad ar í a fhollamhú.
    'Nuair a bheadh a' bád lán rithfeadh sí isteach sa tráigh mar a bheadh fir is capaill a' feitheamh léi.
    Do chuirfeadh an bád dí amach d'urchar agus do rachadh na capaill gruig na puill agus d'fhollammhóchaidís agus do bheidís thar nais agus a' bád sa tráigh airís, agus mar sin dóibh chun go mbeadh a' Franncach follamh. Do chuirfeadh sí sin dí annsan agus do bheadhan fhairrge amuigh aiche agus an lá a' gealadh agus is minic a chaithfeadh sí rith mar do bhíodh cuitéir a' ríogh a' faire ortha ó bhall go ball san oidhche.
    'Nuair do bhí smugailéireacht sa t-siubhal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    Baile Loc, Co. Chorcaí