Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur thánadar i-dtír sábhalta, moladh go deó le Dia, agus annsan d'imthigh sé ar ceal airís.
B.
Do cailleadh bád ón áit seo fadó. Ní raibh ao'tuairisc ag muintir a'bhaile cá rabhadar caillte. Chuadar a'triall ar sagart na paróiste agus d'innseadar a scéal do.
D'fhiafruigh sé dhíobh a raibh aoinne acha ag an Aifreann An Domnach roimhe sin. Dubharadar go raibh. "Deineann sé sin deifir dómhsa" ar seisean agus dubhairt sé leó punann tuighe a fhagháil agus coinneal choisirthe a chur 'na seasamh ann agus í a chur ar snámh ar barra na taoide. Dheineadar mar ar órduigh sé dhóibh agus níor stad riamh leis a bpunainn gur tháinig sí ós cionn na gcoprán báidhte agus d'fhan sí annsan (adsan).
Chuadar 'na mbun ar ball agus do rugadar leó abhaile iad le toil Dé, moladh go deó leis.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí