Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit cúil le faobhar iseadh ball iar gcúltha nú ball i bheadh abhfad isteach ó'n mbóthar. Áit i leith-taoibh.
"Blonag an phráta a theas" adeir na seandaoine. Deirid leis le práta a bheadh tar éis fuaradh nách mór:- 'práta i n-eirball a theas.'
Dá mbeadh na ceathanna ana chómhgarach dá chéile lá ceathach deirid go mbíonn cioth i dtóin cheatha.
Deirtear le linn breóiteachta: 'Tá sé neamh-fóghanta nú 'tá sé gan bheith ar fóghnamh ach bhí aithne agam ar mhnaoi i mBaile Mhúirne atá i slíghe na fírinne leis na bliadhantaibh agus deireadh sí nuair fhiafróthá di conus bhí sí:- "Dó thógfainn bheith níos feárr."
'Ní bheinn-se a' slis-ghualann leis' i.e. ní bheadh aon baint agam leis.
'Ní thabharfadh sé a ainm i gceist do rud beag mar sin.' Sé sin go mbfeárr leis bheith an oiread san chun deirig ná bheith ainmnithe sa ghnó san.
Deirtear le fear go mbeadh gníomh ann ach nár dóigh le duine é le feuchaint air:- "bhí sé níos trialltha ná a dheallramh" nú "ba thrialltha é ná a dheallramh"
"Is baoghalach gur b'eadh a bheidh" - Is baoghalach gur mar a bhí sé a bheidh sé.
Deirtear le duine gur dhual athar agus máthar do bheith mar so nú mar súd:- "Ní fheadfadh sé bheith ar a mhallairt de chuma mar ba mhar a chéile an dlúth agus an t-inneach".
Chuaidh sé siar go bun na sprioc. Chuaidh sé siar go fíor-thosach.(leanann ar an chéad leathanach eile)