Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (B.)
- XML Leathanach 207
- XML “Dónall Ó Conaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnall Ó Conaill
Tá an sgeal so ag na sean daoine i dtaobh Dhomhnaill Uí Chonaill. Do tugadh cuireadh go féasta dho thall i Londain uair ach ní le grádh dho ach a mhallairt. Is amhlaidh a bhí sé beartuighthe aca é chur as a' slíghe mar bhí sé ag deanamh alán díoghbhála dhóibh agus á gcosc ar sco rudai. Chuireadar nimh sa bhfíon agus chuireadar an gloine fíona san áit go raibh Dómhnall Ó Conaill chun suidhe. Bhí cailín ó Éirinn ag obair sa tigh ceadna agus bhí a fhios aici cad a bhí beartuighthe. Nuair a tháinig Dómhnall Ó Conaill isteach do labhair sí leis as Gaeghilg mar níor theastuig uaithe go dtuigfeadh aoinne eile í. Seo mar adubhairt sí leis:
A Dhómhnaill Uí Chonaill an dtuigeann tú Gaedhilg?
Cad na thaobh ná tuigfinn, a chailín, is mé bheith ó Éirinn
Ith do dhóthain ach ná h-ól braon
Mar tá salann garbh ar phraisig ó 'rír duit.
Imthigh a chailín agus mo bheannacht go léir duit
Agus cuirfead-sa an salann san ar duine 'ca féinig.
Deirtear ná raibh ach aon chos amháin féin mbórd a bhí ann & gur bórd cómh-chroinn é agus gur bhféidir é casadh ar an gcois sin mar a chasfá roth. Nuair a shuigh Dómhnall chun búird theasbeáin sé figiúirí éigin míorbhúileacha ar an bhfalla le na lámha & trí congnamh an lampa. D'fheucadar go léir ar an bhfalla & le na linn sin thug Dómhnall casadh beag do'n mbórd i dtreó gur ar a aghaidh anonn a bhí an gloine fíona go raibh an nimh ann.