Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Leathanach 185
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na hoidhce mar do measeadar go raibh na daoine on sáoghal eile ag cur síos a gcuid Purgudóireacta tímcheall gcladhacha agus i lár an clóis. Bféidir ná bhfuil sé seo abhfad as an slíghe, ac ní féidir leimt ar spriod gan corp.
(6)
Dá mbeadh na h-ainmhidhte ag fághail báis ar feirmeóir agus gcaitheadh an feirmeóir sin na h-ainmidhte básuighthe i dtalamh feirmeóra eile d'imteóchadh an drochgalar.
7
Dá bhfeictheá sop tuighe ar thóin circe sin cómhartha go dtiocfaidh duine cun do thíghe
(8)
Níl sé de cheart ag aoinne seile a caitheamh ar leanbh mar cleas an diabhail iseadh é.
(9)
Dá mbeadh lánamha taréis phósadh agus an ceud duine dhíobh a raghadh amach doras an t-séipéil ar dtuais sé is túisge a geóbadh bás.
(10)
Dá dtéightheá isteach i dtig agus dá mbeadh muinntear an tighe agus dá mbeadh ag deanamh cuigne ba cheart duit lámh do cuir sa cuigeann agus i casadh ar eagla go dtógfá an t-ím leat agus "Rath Dé ar an obair" do rádh
(11)
Dá mbeadh duine taréis bháis d'fághail i dtig agus in dhiaidh é cur b'feidir go raghadh duine cun na h-uagha agus go mbainfead sé an lámh den duine agus go mbearfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Duinneacha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth an Chonnaidh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhuinneacha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Áth an Chonnaidh, Co. Chorcaí