Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Cuntas i dtaobh Ceann Droma”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ceann Droma is ainm don baile ‘na bhfuilim-se im’ chomhnaidhe. Tá sé suidhte i bParóiste Cill na Martra i mbarúntacht Iar Musgraí. An talamh san mbaile seo níl sé ach coighseach maith. Tá tímcheall leath den talamh i ngleann agus an leath eile in árdán agus glaodhaimíd bun a’ bhaile ar an glean agus barr a’ baile ar an talamh árd.
    Tá timpeall cúig céad agus a fiche acra talmhan sa bhaile ar fad agus tá timpeall ceathramhadh den talamh seo faoi talamh garbh fluic go bhfuil fraoc agus fionnán ag fás air agus ní bhíonn ach ba seasga ag innéar air. Ansan tá timpeall ochtamhadh eile de fé carraigreacha loma agus aiteann.
    Tá an talamh go léir roinnte in ocht bhfeirmeacha, ceann aca go bhfuill céad acra ann agus timpeall seasca acra i ngac feirm eile agus tá tig feirmeora i ngach feirm de na ocht feirmeacha, tighthe cínn slinne ar fad atá ann. Fadó do bhíodh fir oibre ag na feirmeoirí agus tighte beaga acu ar an bhfeirm ar a mbidís ag obair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Máire Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Colmáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    96
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí