Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 307

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 307

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 307
  3. XML “Cuntas i dtaobh Baile Uí Bhuaig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Buaoch Ua Súilleabháin gur leis an baile agus gur uaidh sin fuair an baile a ainm. Tá dha threibh de mhuinntir Shúilleabháin fós na gcómhnuidhe ‘sa bhaile ach níl fhios agam gur shíolraigh aon treib aca so ó Buaoch Ua Súilleabháin.
    Breis a’s céad bliadhan ó shoin do chómnuig treib de mhuinntir Mhurchadha sa bhaile seo agus ní raibh ag gach nduine aca ach fheirm bheag thailimh, an oiread is go bhfásfadh an oiread bídh agus chothóchadh íad féin agus a gclann, ach bhí ortha cíos agus íoc do dhíol rud ná raibh ar a gcumas do dhéanamh mar nár fhéadar é bhaint as an dtalamh ach fuaireadar leigheas ar sin. Bhíodar dílis dá chéile agus nuair thagad an Tighearna Talamhan agus a bhailí ag éileamh cíosa thagadh muinntir Mhurchadha le chéile, gach saghas airm aca, píci, ráimhní, sluaisde, speala gan crainn agus mar sin agus cuirti an Tighearna Talmhan agus a chuid bailí chun siubhail gan pingin cíosa.
    Bhí an sgéal céadhna ag fear an íoca . Chuaidh duine aca so lá go dtí an tsráid bhaile. Bhí sé breis agus cúig mhíle uaidh. Ba bhéas aige bata draoighin do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Neans Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Concubhar Ó Éaluighthe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí