Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhreith leis i gcómhnuidhe. An fhaid a bhí sé sa tsráid tháinig fear an íoca ag bailiú agus seisear báilí le na chois agus thógadar an capall a bhí aige agus as go bráth leo cun é chuir sa bhóna a bhí sa tsráid bhaile. Nuair a bhíodar míle slíghe ón dtig cé bhuaileadh na gcoinnibh ar an mbóthar ach an fear gur leis an capall. Do bheannaig sé dóibh agus d’fiafruig díobh cá rabhadar ag dul le na capaillín. Do fhreagair fear bhailiú an íocha é go rabhadar cun é a chur sa bhóna nuair ná díolfad san an t-íoc “Oireann an capall san domsa amáireach agus sgaoilidh uaibh abhaile é má sé bhúr dtoil é” ar seisean. “Ní dhéanfam san” arsa fear a íoca “mara bhfaigham an t-íoc uait-se. Sar a bhí fhios aca cad a bhí ar siubhal aige bhí an fear go raibh ag ceann an chapall sínte ar lár an bhóthar le buile de’n bhata agus as go bráthach leis an gcapall abhaile.
- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí