School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 307](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_307.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 307
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Buaoch Ua Súilleabháin gur leis an baile agus gur uaidh sin fuair an baile a ainm. Tá dha threibh de mhuinntir Shúilleabháin fós na gcómhnuidhe ‘sa bhaile ach níl fhios agam gur shíolraigh aon treib aca so ó Buaoch Ua Súilleabháin.
Breis a’s céad bliadhan ó shoin do chómnuig treib de mhuinntir Mhurchadha sa bhaile seo agus ní raibh ag gach nduine aca ach fheirm bheag thailimh, an oiread is go bhfásfadh an oiread bídh agus chothóchadh íad féin agus a gclann, ach bhí ortha cíos agus íoc do dhíol rud ná raibh ar a gcumas do dhéanamh mar nár fhéadar é bhaint as an dtalamh ach fuaireadar leigheas ar sin. Bhíodar dílis dá chéile agus nuair thagad an Tighearna Talamhan agus a bhailí ag éileamh cíosa thagadh muinntir Mhurchadha le chéile, gach saghas airm aca, píci, ráimhní, sluaisde, speala gan crainn agus mar sin agus cuirti an Tighearna Talmhan agus a chuid bailí chun siubhail gan pingin cíosa.
Bhí an sgéal céadhna ag fear an íoca . Chuaidh duine aca so lá go dtí an tsráid bhaile. Bhí sé breis agus cúig mhíle uaidh. Ba bhéas aige bata draoighin do(continues on next page)- Collector
- Neans Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Informant
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork