School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 308

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 308
  3. XML “Cuntas i dtaobh Baile Uí Bhuaig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhreith leis i gcómhnuidhe. An fhaid a bhí sé sa tsráid tháinig fear an íoca ag bailiú agus seisear báilí le na chois agus thógadar an capall a bhí aige agus as go bráth leo cun é chuir sa bhóna a bhí sa tsráid bhaile. Nuair a bhíodar míle slíghe ón dtig cé bhuaileadh na gcoinnibh ar an mbóthar ach an fear gur leis an capall. Do bheannaig sé dóibh agus d’fiafruig díobh cá rabhadar ag dul le na capaillín. Do fhreagair fear bhailiú an íocha é go rabhadar cun é a chur sa bhóna nuair ná díolfad san an t-íoc “Oireann an capall san domsa amáireach agus sgaoilidh uaibh abhaile é má sé bhúr dtoil é” ar seisean. “Ní dhéanfam san” arsa fear a íoca “mara bhfaigham an t-íoc uait-se. Sar a bhí fhios aca cad a bhí ar siubhal aige bhí an fear go raibh ag ceann an chapall sínte ar lár an bhóthar le buile de’n bhata agus as go bráthach leis an gcapall abhaile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
    Collector
    Neans Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
    Informant
    Concubhar Ó Éaluighthe
    Gender
    Male
    Address
    Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork