Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lios buídhe mo bhaile dhúcais agus deirtear liom go bhfuil ar dtreib ann leis na cianta bliadhan, ach is baoghal liom gur b’olc an cómhartha ortha ní fheicimse go bhfuil puinn slíghe mhartha ag aoinne ann. Annsan gcéad dul síos tá morchuid den talamh go h-olc, portacha agus charraigreacha, agus chun an scéal a dhéanamh níos measa tá na feirmeacha ró bheag.Tá dhá Liosbuídhe, Liosbuídhe Mór agus Liosbuídhe Beag. Bhí morán portaigh ann ceithre fichid bliadhan ó shoin ach do dhíol an tighearna talmhan amach é, agus níl fod móna ag chuid aca anois. San t-sean saoghal do bhaineadh agus do díoladh na daoine an mhóin, ach fuair an tighearna talmhan amach é agus chuir sé cosg leis. Do b’olc an dhlighe bhí san am san ann. Bhí móin ar chuid tailimh an fheirmeora ach ni raibh cead aige baint leis. Tá ocht feirmeóiri déag na gcómhnuidhe sa dhá bhaile beag so, agus tá ocht gcinn aca so ná féadfadh líontighe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí