Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chothughad, mar go bhfuilid ró bheag. Ba cheart do'n riaghaltas leat acha so bhreith go dtí an talamh fóganta i lár na h-Éirinn, agus a gcuid sin do thabhairt d'on mhuintir eile.Níl ach triúr sa dhá bhaile seo ós cionn 70 bliadhanta, agus tá gaedhilg acha agus bíd dá labhairt. Tá dhá lios sa bhaile seo, ceann i Liosbuidhe Mór, agus ceann i Liosbuidhe beag, ach suas go dtí so ní'l poll talmhan ná póirsé le feiscint i n-aon ceann acha. Tá cathair fé leith tímcheall agus leath mhíle shíar ón lios atá i Liosbuidhe mór, ach do réabadh, nó baineadh cliatháin as an gcathair seo tímcheall caoghad bliadan ó shoin, agus an té bhí dhá dheánamh níór eirig leis ró mhaith. Tá an chathair ar an dteóainn idir dá dá fheirm. Bhí an fear so ag obair ann lá fuar Earrach (?). Bhí gaoth nimneach ag séide adtuaidh air, agus bhí sé aosta go leór san a san, tímcheall agus ocht agus ceithre fichid. Do lean sé de'n obair chun gur chuaidh an fhuacht na cnáimh (?). Nuair tháinig sé abhaile bhí a bheál casta leath taoibh i dtreó gur chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peig Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí