Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 311

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 311
  3. XML “Cuntas i dtaobh Lios Buí Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé ionghna ar gach duine chonnaic é. Do imthig an scéal ar fuaid na dúiche gur b’iad na daoine maithe a buail poc air i dtaobh aon bhainnt a bheith aige leis an gcathair ,agus is mó an uair sin a creid é agus creideann chuid aca fós é.
    Cuireadh sa leabaidh an fear bocht, tugadh deoch maith teith dó,agus nuair d’imthig an fuacht as a chnámha, tháinig a béal thar nais mar ba cheart dó bheith. Níor leigheas san na daoine a chreid gur b’iad na daoine maithe a shin lámh chuige.
    Tighthe cinn tuighe bhí sa baile so céad bliadhan o shoin. Deintí na fallaí le cloca agus droch mairtaol, cré na páirce. Do shíl na seandaoine gur tíórma é seo ná mairtaol, aoil agus gainmhidhe mar go súghadh sé an t-uisce níos fear, ach ní raibh aon greim aige ar na cloca, agus níor seasaimh na tighthe seo ró fhada. Adhmad guise a baineadh sa portach a cuireadh mar ceann ortha. Cuireadh taghbháin treasna na rachtaí chun iad a choiméad le céile, agus anúas ar an adhmad chuireadh sgraith mór de croiceann an tailimh cun greim a choiméad ar na sgoilb a chuirtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Peig Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Lios Buí Mór, Co. Chorcaí