School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 310](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_310.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 310
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do chothughad, mar go bhfuilid ró bheag. Ba cheart do'n riaghaltas leat acha so bhreith go dtí an talamh fóganta i lár na h-Éirinn, agus a gcuid sin do thabhairt d'on mhuintir eile.Níl ach triúr sa dhá bhaile seo ós cionn 70 bliadhanta, agus tá gaedhilg acha agus bíd dá labhairt. Tá dhá lios sa bhaile seo, ceann i Liosbuidhe Mór, agus ceann i Liosbuidhe beag, ach suas go dtí so ní'l poll talmhan ná póirsé le feiscint i n-aon ceann acha. Tá cathair fé leith tímcheall agus leath mhíle shíar ón lios atá i Liosbuidhe mór, ach do réabadh, nó baineadh cliatháin as an gcathair seo tímcheall caoghad bliadan ó shoin, agus an té bhí dhá dheánamh níór eirig leis ró mhaith. Tá an chathair ar an dteóainn idir dá dá fheirm. Bhí an fear so ag obair ann lá fuar Earrach (?). Bhí gaoth nimneach ag séide adtuaidh air, agus bhí sé aosta go leór san a san, tímcheall agus ocht agus ceithre fichid. Do lean sé de'n obair chun gur chuaidh an fhuacht na cnáimh (?). Nuair tháinig sé abhaile bhí a bheál casta leath taoibh i dtreó gur chuir(continues on next page)
- Collector
- Peig Ní Bhuachalla
- Gender
- Female
- Address
- An Lios Buí Mór, Co. Cork