School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé ionghna ar gach duine chonnaic é. Do imthig an scéal ar fuaid na dúiche gur b’iad na daoine maithe a buail poc air i dtaobh aon bhainnt a bheith aige leis an gcathair ,agus is mó an uair sin a creid é agus creideann chuid aca fós é.
Cuireadh sa leabaidh an fear bocht, tugadh deoch maith teith dó,agus nuair d’imthig an fuacht as a chnámha, tháinig a béal thar nais mar ba cheart dó bheith. Níor leigheas san na daoine a chreid gur b’iad na daoine maithe a shin lámh chuige.
Tighthe cinn tuighe bhí sa baile so céad bliadhan o shoin. Deintí na fallaí le cloca agus droch mairtaol, cré na páirce. Do shíl na seandaoine gur tíórma é seo ná mairtaol, aoil agus gainmhidhe mar go súghadh sé an t-uisce níos fear, ach ní raibh aon greim aige ar na cloca, agus níor seasaimh na tighthe seo ró fhada. Adhmad guise a baineadh sa portach a cuireadh mar ceann ortha. Cuireadh taghbháin treasna na rachtaí chun iad a choiméad le céile, agus anúas ar an adhmad chuireadh sgraith mór de croiceann an tailimh cun greim a choiméad ar na sgoilb a chuirtí(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Bhuachalla
- Gender
- Female
- Address
- An Lios Buí Mór, Co. Cork