Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- Suíomh:
- Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- XML Leathanach 088
- XML “An Pilibín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí táilliúir ann fadó agus bhiodh sé ag imirt cleasa ar na daoine. Bhí sé in a cómhnuidhe in aice na Raithe-Mhóire. Bhí fear ar an mbaile ceadna darb' ainm Cathal agus bhí sé an-bhocht ach fuair a uncail bás i Meiricá agus d'fág seisean carn mór airgid le h-udhacht ag Cathal. Nuair a fuair sé an t-airgead bhí eirighe in áirde air agus thosnuig sé ag deanamh gaisge de gach saghas. Lá amháin chuaidh sé go tig an táilliúra.
Bhuail Cathal isteach an doras "A tháilliúir bhéinn an-bhuidheach díot dá mbainfeadh an mhuing gruaige seo díom. Bheadh náire orm dul cun an Aifreann ar maidin agus an sgráith seo orm" "Bainfhid me agus fáilte."
Suidh Cathal síos agus thosnuig an táilliúir ag gearrad na gruaige go raibh ceann Cathal chomh lom le h-ubhall ach d'fág sé píosa mór gruaige ar bhárr a chinn. Annsan chuaidh Cathal abhaile. Ar maidin Dé Domhnaig nuair a shrois sé geata an t-séipéil, bhuail an sagart leis. Bhain Cathal a hata agus cuir an sagairt sgairt a gáire as. "Cead míle fáilte romhat a Philibín" ar seisean agus o'n am sin amach bhí an t-ainm sin air agus ar a shliocht na dhiaidh