Scoil: Cloughjordan (C.) (uimhir rolla 11544)
- Suíomh:
- Cloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Eibhlin, Bean Uí Sceacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloughjordan (C.)
- XML Leathanach 104
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna Mí na Samhna 25 ábh 19371. Chuaidh mé suas an bóithrín,
tháinig mé anuas an bóithrín,
Is thug mé an bóithrín ar mo dhrom liom;
Freagra. Dréimire
2. Teachtaire beag ó thigh go tigh agus bhionn sé amuigh
san oidhche. Fr. - Casán.
3. Caith mé suas é com geal le sneachta,
Agus tháinig sé anuas mar ór buidhe ar leachta. Fr. Ubh.
4. bean fhada ghléigheal ,
Agus crios dá thaobh féin uirthi.
Freagra. Punann choirce.
5. Sin é 'sa chúinne é
Agus dhá chéad súil air.
Fr. Corcáinín Anbhruithe
6. bairille ar an tráigh,
Agus a dhá ceann dúnta.
Fr. Ubh
7. Droichead ar loch
Gan maide gan cloch.
Fr. Ubh
8. Tagann sí isteach ar guailnibh daoine.,
Agus téigheann sí amach chómh mín le síoda.
Fr. Deathac.
9. Tá garrdha beag thiar annsin lán de dhaoine uaisle.
dirreuda beag 'orra agus ribíní uaithne.
Fr. Líon