Scoil: Baile an Gharrdha (B.) (uimhir rolla 13210)

Suíomh:
Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Tomás Lotrail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0563, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0563, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Gharrdha (B.)
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Bailte Fearainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Baile an Gharrdha
    Tá an t-ainm seo ar a lái áiteanna ar fuaid na h-Éireann. Tá Baile an Gharrda i Co Luimnigh agus ceann eile i dtuaisceart Co Thiobrad Árann. Cialluigheann sé "Townland of the Garden". Tá an baile beag suidhte ar cnoc agus is féidir radharc breagh d'fághail uaidh nuair bhíon an soineann ann:
    Sliabh na mBan
    Na Gailte
    Gleann na Siúire
    Beárnán Eile etc
    Do bunuigheadh an baile beag timcheall 1815. Tógadh an seipéal timcheall 1828 ar láthair a thug Colonel Pennefather. Thug sé ionad scoile leis i n-aice leis an seipéal. Níl rian na scoile ann anois. (Erasmus Smith)
    Tógadh an eaglais protustúnaigh sa bhliadhain 1811 agus an teach tearmainn sa bhliain 1814.
    Ba le Mairtín Pennefather an paróiste go léir timcheall 13000 acra ar fad.
    I dtuaisceart an paróiste tá baile beag eile -Na Coimíní
    Geibhtear gual agus gual gabhann sa paróiste leis go mór mór i gcnocaibh Sliabh Árdach. Ba leis an Cómhlucht Mianadóireachta na h-Éireann na mianaigh guail seo. Táid seacht mílte ar leithead agus trí mílte ar faid.
    1800 - 1840 agus indiaidh sin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann