School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amháin is chuaidh sé go dtí an portach agus thug sé abhaile leis cliabh móna. Annsin chuaidh se go dtí bundobhráin chun a chéile agus a mhac a fheiceáil. Bhí siad ar laethe saoire ann ar mhaithe le na sláinte. De shiubhail a chos a chuaidh sé ann. Shrois sé bundobhráin. Chonnaic sé na daoine agus shiubhail se abhaile. Bhí se ag a theach féin sul a raibh an ghrian imthighthe faoi. Spealadóirí. Micheál Ó Doláin as Tullaigh na Croise. Bhain sé acra talmhan de féar in ocht uaire.
Tomás Mac Samhráin as Derrynananta. Bhain sé acra talmhan de fhéar i lá amháin.
Peadar Ma Giolla Phádraig as Moneensauran. Chaith sé leath de cwt. 20 troighte uaidh.
Micheál Mac Samhráin as Moneensauran. Thóg sé cloch in a láimh is choimeád sé an lámh díreach suas san aer is an chloch air.Rinnceoirí. Feilix Ó Doláin agus a dhearbhráthair Proinnsias bhí siad go han mhaith ag an damhsadh. Sé fear go dtugtaí "Piper Heeron" a mhúin dóibh é agus bhíodh sé á seinm ar na píopaí. "Jigs" is "Hornpipes" a bhíodh ar siubhal ag an bheirt rinnceoir. Tá colceatharacha dóibh in a mbeathaidh fós - Caitlín ní Sheannon(?) agus Séamus agus is féidir leo seinm ar an "bheidhlin" agus bhuaidh Caitlín go leor duaiseanna ag na feiseanna(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Tomás Mac Siordan
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- Moneensauran, Co. Cavan