School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 305

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 305
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siad os cionn an dorais é chun ráth a chur ar na hainmhidhthe.
    Fadó do bhíodh uisge coisrighthe i gcró na mbó ach tá an nós sin imthighthe Ní bhíonn sé ach i gcorr ceann díobh anois.
    Nuair a bhíonn laogh ag bó don chéad uair cuireann muinntir a' tighe sgilling, nó raol nó leath choróin isteach i dtóin an ghalúin agus dheineadh siad an bhó a bhleaghan anuas air.
    Is minic a cuireadh na sean daoine fód móna ar lasadh isteach is amach timcheall cosa na bó agus iad a' déanamh na hoibre sin dhéárfadh siad "In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomh. Annsin dheineadh siad trí braonacha de bhainne a bhleaghan as gach cíoch (teat). Rinneadar é sin chun an tim a choiméad ó bheith a' dul as an gcuinneóig.
    Nuair a bhíonn cearc ar ghor cuirtear uibheacha fúithí. Téigheann bean amháin go dtí tigh comhursan agus deineann sise agus bean a' tighe sin malairtiú ubh. Annsin tagann an bhean abhaile agus cuireann sí "comharthaí" ortha. Dá mba rud é gur chuir an bhean an chearc ins an nid - áit a mbíodh sí a' breith uibheaca - bhí uirthe dubhach nó gorm (blue) nó rud mar sin a chur ar na huibhe ar eagla go mbéadh na cearca eile a' breith a gcuid ubh ins an nid in a raibh an chearc ar ghor.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan