Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 311
- XML “An Cheárta Cheantair”
- XML “Táilliúirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile. Bhuail sé go tréan le ceapórd é. Chuir sé sa teine aríst é agus thóg sé amach é nuair a bhí sí te. Chuir sé ar shoc na hinneona é agus lúb sé i gcosamhlacht crútha. Chuir sé puill bheaga ann i gcóir tairngní agus bhí an obair sin go léir déanta aige i gceann cúpla noiméat. Ní dheineann an gabha aon obair amuigh fen aer ach amháin nuair a bhíonn á deis-iú rotha cairte - bíonn air é sin a dhéanamh taobh amuigh den doras. I rith an gheimhridh bailigheann go leor daoine isteach sa cheardchain agus is ann a chaitheann siad an oidhche a' cainnte is a' comhrádh is ag innseacht sgéalta.
Fuaireas é sin ó m'athair - Aodh Mac Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibleann - Fadó ní raibh táilliúirí san áit seo ach thagadh daoine ó áiteanna eile ag déanamh culaith éadaigh ins na tiththe chun slighe bheatha a bhaint amach dóibh féin. Fé láthair níl ach beirt nó triúr táilliúirí thart sa cheanntar seo. Seo ainmneacha na ndaoine sin - Tomás Mac Giolla Phadraig, Corrabha, Gleann-Gaibhleann, agus Tomás Ó Raghallaigh as Cuppenagh, Gleanngaibhleann. Bíonn alan sórt éadaigh ar stór i gcomhnuidhe aige i seomra beag agus aon duine go mbíonn culaith deas uaidh ní bhíonn le deánamh aige ach a rogha éadach dhíobh do thoghadh i gcóir na culaithe. Bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)