Scoil: An Scairbh (C.)
- Múinteoir: Máiréad, Bean Mhic Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Béaloideas
Loc deirg dheirc
= loc na deirge ...
Innistear sgéal an-shuimeamhail ar cionnus fúair an loc so a ainm , Le linn Chonchubhar Mhic Neasa do bheirth in a rí na Ríg ar ..., bhí file ann darb ainm dó Aitirne. Thúg an file so úair turas ar fúaid Éireann uile, agus gach rí dá dthéigheadh sé tríd a thír díarradh sé air an aisce ba dheachra d'fághail dá bhféadhfadh sé cuimhneamh air agus dar ndhóig níor lámhuig rí aca é o eireac. Sa n-a, sam locaidh mac lucta ba rí ar deiscirc Connacht agus ar Thúadhmumhain, agus fé mar thárla bhí an rígh seo ar leath-shúil. Ar fághail na ríoghacta d'airthirne díarr sé an t-shúil ar an rígh agus gan puinn moille do státh locaidh an t-shúil amach as a ceann agus thúg dó í.. Ar imeall - bhórd an loca so b hí dún an ríogh agus díarr sé ar giolla leis é do threóruighadh síos go dtí an loc go nigeadh sé an fuil go raibh an loc dearg ag an bhfuil. "loc deirg dheirc" arsan rí beidh mar ainm ar an loc go bháth, agus is mar sin atá.