School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn duine i mbruach báis agus má bhíonn sé ag trácht ar pháirceanna glasa siné cómhartha go bhfuil sé ag dul chun báis. Nuair a bhíonn duine ag dul chun báis ba cheart coinneal céireadh a lasadh agus é chur isteach i na láimh agus a phaidrín féin a chur idir a mhéireanna. Nuair a gheibheann sé bás ní cheart do aoine gol go mbíonn an corp nighthe ag leighthe amach agus an Coróinn Mhuire ráidhte. Deir na sean daoine nách ceart do aoine dul i n-aonfhear i gcóir tobac, snaois, píopaí no adhbhar teine as tig an chuirp, nó aon nídhe eile. leis.
Ní ceart do aoine dul i na aonfhear chun an tóraimh nó ní ceart do aon chómhgar a thógaint. Ní ceart do dhuine tig an chuirp do fhágaint leis i na aonfhear. Nuair a thagann duine isteach i dtig an chuirp ba cheart do, "Tá aithreachas orm mar gheall ar do thrioblóid," do rádh le fear an tighe nó le bean an tighe. Stoptar an clog nuair a bhíonn duine marbh agus ba cheart é fágaint stopaithe go dtí go dtéigheann an sochraid ó'n dtig. Fadó deintí caoineadh taréis na Coróineach Muire sa mheadhon oidhche.
Dá mbeadh duine ag fághail bháis i leabaidh cleití ba cheart é chur isteach i leabaidh éigin(continues on next page)- Collector
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí