Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 097
- XML “Séadna”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ort anois uaim." D'imthig Seadhna agus nuair an Diabhal ag teacht go dtí Ifrionn é tháínig eagla air roimhis agus ní leigeadh sé isteach go dtí an áít teith é acht do caith sé bior dearg air. Rug Seadhna ar an bior sin agus d'imthig sé leis mó thímpal an domhain seo agus tugadh "Seán an Lantéir" air.
Ó mo shean-athair a fúaras é seo, agus tá sé 76 de bliantaibh anois. (gan teideal)
“Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhach aige”
Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhach aige bhí cu agus capal ag gach duine aca agus théighidís ag fiach gach lá. Aon oidhche amháin do bhuaileadh duine aca breoidhthe. Maidin lá ar na mháireach d'eirigh an fear eile cun dul ag fiach na aonar. Dubhairt a athair leis fánúint sa bhaile go raibh ceó ar na chnocaibh, mar dá dtéaghadh sé amú ní fheadfadh sé teacht abhaile. Níor dhein an mach mar a dubhairt a athair leis, agus chuaidh sé amach chun dul ag fiach in aonar. Ní raibh sé i bhfad ó bhaile nuair a tháinig an ceó air agus ní fheadhadh sé dul síos sia. D'iompuig sé cun teacht abhaile, ac b'eigean do fánúint san áit na raibh sé go dtí go dtáinig an oidhche air. Chonnaic sé solas i dtig tamall(leanann ar an chéad leathanach eile)