Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fadó agus fuair sé a bhia ós na Flathasaibh.”
Bhí fear ann fadó agus fuair sé a bhia ós na Flathasaibh. Lá amháin ní fuair sé aon bhia. Tháinig Aingeal cuige, agus do fh'iarraig sé de cad na thaobh ná fuair sé é, agus dubhairt an t-Aingeal go raibh sé ag caint le duine éigin agus go ndubhairt se gur droch lá é agus ní dubairt sé Buidheachas le Dia in aon-chor agus caithfeadh sé dul isteach ins an abhainn agus fanamhaint ann go mbeadh duilleóga glasa ar an mhaide a bhí ar a láimh.
Chuaidh sé isteach san abhainn. Ní raibh sé i bhfad ann gur chualadh se an trusdrum ag teacht. Cé bhí ann ach an Gadaí Dubh agus scata mór caorach aige.
Do fh'iarraig an Gadaí cad na taobh go raibh sé istig san abhainn, agus do innis sé an scéal don nGadaí.
"Íosa cabhairig liom" arsa an Gadaí, agus chuaidh sé isteach san abhainn in aonfhacht leis an bhfear eile. Lá ar na mháireach bhí duilleóga glasa ar an dhá mhaide.