Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 028](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1125%2FCBES_1125_028.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 028
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Mo chreach is mo chás bhocht,”
I
Mo creach is mo chás bhocht,
Mar a thánag ar an saoghal seo,
Mar a chonnac riamh an lá úd,
Go dtánag go Béara,
Mar agam-sa bhí an máighistir,
Do bfearr a bhí i n-Éirinn,
Is go raibh ár n-anamna amáireach,
Páirteach le chéile.
II
A Dhia mhór atá láidir,
Iarraim grásta agus cabhair ort,
Tá an chroch chughainn amáireach,
Is ní'l fán ar gan amhras,
Beidh na sealáin 'nár bhfásgadh,
Agus na táinte i'nár mbodhradh,
Acht guidhim Dia leat a mháigistir,
Cia gur fhágais na b-power sin.
III
Do shiubhlas an Mhumha leat,
Is na Cúigí i n'ár dtímcheall,
Go h-arm an Phrionnsa,
Bhí ós cionn na dtrí ríoghachta,
'Se Seán Puxly d'fhág go dubhach sinn
Fé shlabhraidhibh na daoirse