Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Leathanach 069
- XML “Saothrú an Linn sa Pharóiste Seo Fadó”
- XML “Bás Johnny Bun”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug Seana Jer (Diarmuid ÓSeaghda Doirín) cur síos cruinn isteach san Ediphone anso do Eoghan ÓSúileabháin - mar sin tá agaibh i mBlá Cliath - ar shaothrú agus oibriú an linn.
Ní cuimhin ach le foth duine mar é anois anso saothrú an linn.
Tá roinnt páirceanna againn ainmnithe na diaidh
Páirc a' Linn ar an mbán le Mairtín ODubhir
Páirc a Ruis san Doirín le JOHNNY BUN etc. - Ós ag trácht ar PHÁIRC A RUIS é, sa doirín Iochtar atá - páirc le Johnny Bun.
An Satharn Seo Caithte bhí Johnny ag brise isteach cúinne na páirce Gairbhe seo.
Ag gearradh claise do tháinig sé ar chlocha beaga doighte agus smoilíní dubha de charcoal ar a bhfuaidh. Tamall beag eile ag gearradh do agus tháinig sé ar bhád den tsean-aimsir mar a chonac sa Museum. - bád a gearradh no a dóghadh as an gcrann daraighe 8 'x 2' x 1' (ar aoirde). Ní raibh ach cuid dí ann mar bhí tosach a bháid gearrta di agus ar iarraig.Tógadar go cúramach í agus ghlanadar tá sí anois ar an mbán.
Tímpeall 3' de chré is portach bhí ós a cinn. Áit ait do BHÁD dar le duine. Tá Abha Cúm Gadra ABHFADH síos uaithe. An féidir gur loch ar fad bhí sa ghleann i nallód?
Gairdín na CISIGHE an páircín taobh thuas di.- Bailitheoir
- M. Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann