Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “Saothrú an Linn sa Pharóiste Seo Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do fhás na daoine mórán lín tímceall na h-áite seo fadó.
    Seo mar a fhásaidis é; Ar dtúis do scapaidís an síol, agus nuair a bhíodh sé aibidh bhainidís é agus dheinidís punanna de. Chuiridís isteach i bport annsan é, agus do fhágaidís ann é go ceann coidhcíse nó mar sin.
    Annsan leathaidís é amach ar pháirc ghlan leibhéalta ag tiormú agus iompuídís é anois agus airís.
    Annsan dheinidís dornáin de agus bhuailidís é le túirgín chun é do dheanamh lag. Glanaidís é annsan le tlúgh. Annsan chíoraidís é le teastal dhá úair. Annsan chuiridís tríd an gcuigeál agus tríd an tuarna agus dheinidís snáth dhe.
    Dubhairt bean éigin abhí ag deanamh na h-oibre sin an dán seo.
    Tuarna línn a bhris mo chroidhe,
    Is lán an tighe de pháistribh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Muiris Gogáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    90