Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí beirt drithár ann fadó agus do roinneadh feirm a n-athar eatartha.”
Bhí beirt drithár ann fadó agus do roinneadh feirm a n-athar eatartha. Do phósadar agus bhí clann mhór ag ceann acu agus ní rsaibh aon chlann ag an driothár eile. D'eirig an fear gan clann ana shaidhbhir agus bhí an fear eile ag tuitim chum deirig sa t-saoghal ar fad. Lá amháin chuaidh an fear bocht go dtí an t-aonach leis an mbuin deirinig chun í do dhíol. Nuair a bhí sé ag dul isteach san aonach léi chun í dhíol chonaic sé fear anáirde ar staitseán le crocadh mar ghoid sé bó.
D'iafruig sé dhe a leigfí saor é dá bfaghadh an duine a ghoid sé an bhó uaidh bó i na h-ionad agus dubhairt sé go leigfí agus thug sé an bhó uaidh. Leigeadh saor an fear agus ghluais an fear a bhí le crochadh abhaile leis an bfear mboicht. "Airiú cá bhfuilir ag dul níl aon nídh agam id. chóir"? arsa an fear bocht. "Ó ná bac", arsa an fear eile. Nuair a imthigheadar isteach bhí corcan mór ar an dteine chun pé rud a tiocfadh as fiacha na bó do bheirbhiú. "Cad tá sa chorcán", arsa an gadaídhe. "An diabhal pioc", arsa'n mnaoí. Amach leis agus ba ghearr go dtáinig sé isteach agus multacán bhreagh aige taréis é ghoid ón bhfear saidhbhir.
Bí féasta bhreagh acu gach oidhche as san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Euge Eugon
- Inscne
- Fireann