School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timpeall is a trí de mhílltibh óm thig-se tá carraigreach móra seasamhaca suidhthe fé bun cnoic na Cairte. Tá deanamh triantánach i gcarraig acu {ní h-amhlaidh so (MOS)}, agus tá dath dearg uirthe.
Fadó bhí meitheall fhear ag bainnt fionáin thuas in aice na h-áite seo. Bhí sé deanach go maith san ló agus ní raibh aon dhinnéar ag teacht chúca. Fé dheire labhair duine acu agus dubhairt sé "A bhean úd na Cómhlan tabhair amach ár ndinnéar chughainn."
Lena linn sin do oscail an charraig agus tháinig óg bhean uasal áluinn amach agus cailín aimsire in aonfheacht leí. D'olmhuigheadar dinnéar breágh dos na fearaibh agus chuireadar ar eadach chláir é anáirde ar chnocáinín. Do ghlaodhar an na fearaibh annsan. Thánaghadar, acht an fear do labhair agus d'itheadar a ndóthain.
Nuair a bhíodar críochnuighthe, bhailig na mná suas a ngúirléidí go léír. D'imtigheadar suas in aice na carraige agus oscalladh é agus chuadar isteach ann. Blian díreach 'na dhiaidh sin fuair an fear nár ith, bás.
Chuala é seo ó Mh. Ó Séaghdha, O.S., agus fuair seisean é ós na sean-daoine.
Séamus Gogáin,
Ceapanapáirce.I gCeann Sean Bhó ag bun Cnoic na Cairte thárlaig so.
Is mó mí-fhortún lean muinntear an bhaile seo, fir óga d'fhaghail bás &c.
Feach leathanach a 121 M. OS.(continues on next page)- Collector
- Séamus Gogáin
- Gender
- Male
- Address
- Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí
- Informant
- M. Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir