Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach as a cheann é. Annsin thóig fear na leath-choise an buidéal agus chuaidh sé siar go dtí an tobar. Tháinic an fear a bhí ag leagan na gcrann amach agus thosuigh sé ag séidigh an caillighe siar go dtí go raibh sí siar ag an tobar agus ní raibh strobh ar bith ar fhear na leath choise bheith ag an bpálás roimpe. Chuir sé seo ionghantas mór ar an Rí mar cheap sé nach raibh aon dhuine ar an saoghal chomh sgiobtha leis an tsean cailleach siúd agus cuir sé dá bhreain déag sa talamh agus dubhairt sé leis an mac
Rí siubhal orra. Ní'l aon cháll agam leis arsa seisean mar tá searabhánta agam a dheanfhas é agus ghlaoidh sé ar an bhfear a bhí ag deanamh gainimh as na clocha le na cheathramha agus shiubhail seisean orra agus rinne sé gaineamh asta agus chuir ionghantas ní ba mhó ar an Rí. agus dubhairt leis an mac Rí an crann a bhí san ngairdín a bheith leagtha aige in- dheich mheandar agus dubhairt an mac Rí nach raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe