Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 04_001
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá mise níos ábalta na thusa adeir an cat leis an sionnach, níl tú adeir an sionnach. Ní'l tú indon mise a leanacht adeir an sionnach. Isteach leis i scailp agus lean an cat isteach é. Anois adeir an cat nach bhfuil mise chomh h-ábalta leat. Tar uait go dtí an choill adeir an cat leis an sionnach, Chuaidh an cat suas sa gcrann aboirde sa gcoill agus ní raibh an sionnach i ndon é a leanacht. Anois adeir an cat nach bhfuil mé chomh h-ábalta leat adeir an cat. Dimthigh an sionnach leis agus níorb bhreatnuig sé direac ar an gcat. Ghlaoidh an cat ar an sionnach agus tháinic sé go dtí é. Dubhairt an cat leis a bfuil tú indon an mada sin a throid adeir an cat, táim adeir an sionnach. Thosuigh an sionnach agus an mada ag troid, chuile ghreim a bhainfeadh an sionnach as an mada bhaineadh an mada greim as, go dtí go raibh an sionnach beagnach marbh ag an mada. Thosuig an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mairéad Ní Choistealbha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Coistealbha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cnoc na Gréine, Co. na Gaillimhe