Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 04_010
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhfuil tú i n d'on aon rud a baisdeadh, Táim adeir Michéal Fada, baist mo hata dhom adeir an Sagart[.] baist sé an hata agus deir sé na focla seo baisdhím thú gan tóin gan ceann gan uisge gan ola gan leán mar tú olann an chaora dubh nó bán. Cuire mise ceist ort sa adeir Michéal Fada cé mhéad poll i nocht hamaoi. Bhí ag imtheacht uaim adeir an sagart. Aon lá amháin bhí an sagart a dul ag eistheacht faoisdin agus bhí air a dhul thar abhann. Dubhairt Michéal Fada go dtiubradh sé treasna na h-abhann é ar a dhruim. Béidh mé ag eisteacht faoisidin dull anonn. Tá go maith adeir Michéal Fada. Nuair a bhí an faoisidin déanta aige leis an Sagart tá an diabhal ort Má tá ní bheidh sé sé níos fuide órm adéir Michéal Fada. Chaith sé an sagart síos san abhainn. bhí an sagart fliuch báidhthe agus beigin dó é féin a thriomú. Thosuigh sé ag tabhairt faoisdin dó na daoine a bhí isthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mairéad Ní Choistealbha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Éamon Ó Coistealbha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cnoc na Gréine, Co. na Gaillimhe