Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 05_014
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí triúr mac aige. Nuair bhí sé ag fághail báis gloidh sé ar a chlann mhac chuige. Anois a clann ó ar seisean Tá mise ag imtheacht uaibh. Is gairid mo sheal ar an saoghal seo. Mo beannacht agaibh
Stop sé do'n cainnt ar feadh tamaill agus annsin labhair sé arís. Anois a deir-sé tá mála oir i dtaisce agam ar an bfeidhlim agus má cuartaigheann sibh é go maith gheobfa sibh é. Ní raibh sé ró-fhada go bfhuair an t-athair bás agus tár éis tamaill chuaidh an triúr mac ag cuartú i chuile áit acht chinn sé orra an t-ór fághail. Ceárd a dheanfhaimis anois arsa duine aca. Dubhairt duine eile annsin go gcuireadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An tSaoirsin, Co. na Gaillimhe