Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_004](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_06%2FCBES_0070C_06_004.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_004
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin, bhí fear ann agus bhí sé an láidir. Bhíodh sé ag déanamh claidheacha agus ag cur sgonsaí ar phíosaí sléibhe. Bhíodh sé ag cur clocha chomh mór sin ins na claidheacha is nach raibh a fhios ag aon duine cén chaoi a gcrochadh sé an clocha móra sin. Ní raibh aon chonghnamh aige ach é féin le caoi a chur ar an talamh. Bhí páirc aige agus theastuigh uaidh leasughadh a chur air le h-aghaidh féar tirm le h-aghaidh an gheimhridh.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc bhí capall fiadháin aige fá'n am seo agus ní sheasfhadh sí fá'n gcarr an fhad a's bheadh sé ag líonadh cárr aoiligh. 'Sé an rud a rinne sé ná líon sé an cárr le aoileach agus annsin chuir sé an eithris ar a ghualainn féin agus tharraing sé an cárr aoiligh ceathromha míle nó mar sin no gur leasuigh sé a mháirc ar fad ó bhun go bárr ar an gcuma sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Flannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe