Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)

Suíomh:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Leathanach 06_021
  3. XML “Gobán Saor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dubhairt sí leithi, níl fhios agam adeir sí céard a dhéanfas mé chor ar bith. Dubhairt gobán liom mar a mbeadh mac agam nuair a thiocfadh sé ar ais go marbóchadh sé mé, agus is inghean atá agam, agus níl fhios agam céard a dhéanfas mé. Well adeir an bhean tá mac agamsa atá an aois chéadhna leis an inghean atá agatsa agus má tá tú sásta tiubhraidh mé duit an mac ar an inghean. Táim adeir bean ghobáin.Thug sí an inghean don bhean eile ar an mac.
    Bhí go maith bhí an caisleán déanta ag gobán faoí an am seo, agus tháinic sé abhaile. Bhí an athás air nuair a chonnaic sé an mac. Nuair a bhí an mac ina fhear óg, bhí duine uasal ann agus dubhairt sé le gobán caisleán a dhéanamh dhó, nach mbeadh aon chaisleán in-Éirinn go bráthach a bheadh chomh maith leis. Tá go maith arsa gobán. Thug gobán an mac leis agus nuair a bhí siad imthighthe píosa mait ón teach dubhairt gobán leis an mac. Giorra an bothar a mhic. Cén chaoi a bhféadta mise an bothar a ghiorramhadh arsa an mac. Fill abhaile arsa gobán. Chuaidh an mac abhaile. An chéadh lá eile bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Nualláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Flannchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    37
    Seoladh
    Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe