Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine uasal iad a chur dá gcois sa gcaoi nach ndéanfaidís aon caisleán eile, mar bhí faithcíos air go mbeadh siad níos feárr ná a caisleán féin.
Glaodh an duine uasal orra agus dubhairt sé leo a dhul isteach sa seomra. Chuadar isteach agus nuair a fuair an duine uasal istigh iad cuir sé faoi glas iad. Ní raibh a fhios ag Gobán céard a deanfadh sé. Ach sa deire chuimnigh se ar chleas. Aon lá amháin dubhairt sé leis an duine uasal, nach raibh a caisleán críochnuighthe fós, agus go raibh aon rud amháin a teastáil uaidh; agus gur bé sin cor in agaidh an choir 'gus cam inaghaidh an chaim; agus go mba mhaith leis é a chur ann. Cá bhfuil sé arsa an duine uasal. Tá sé sa mbaile ag mo theach féin arsa Gobán saor. Cén chaoi a bhféadfa tú é a fhághail anois arsa an duine uasal. Rachaidh mé ina choinnigh, nó rachaidh mo mhac ina choinnigh arsa Gobán. Ní rachaidh arsa an duine uasal ach rachaidh mo mhac féin ina choinnigh. Annsin dubhairt sé le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Flannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe