Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 07_002
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gheabfhadh locht ar an duine eile go mbeadh an chluais agus píosa de'n leiceann le baint dhe. Tháinic buile ar an mbuachaill agus baineadh an chluais agus píosa de'n leiceann de. Chuaidh sé abaile agus píosa de'n leiceann agus an chluais bainte dhe. Nuair a chonnaic an dara mac é dubhairt sé gur pleidche mór a bhí ann. Dubhairt sé go dtiocfadh sé féin ar thóir oibre. Dimthigh leis agus chas fear dhó dfhiafhruigh an fear dhe cá raibh sé dul, dubhairt sé leis go raibh sé ar thóir oibre. Dubhairt an fear go raibh sé fhéin ar thóir buachaill aimsire agus go nglacfach sé mar bhuachaill é. Socruigheadar le chéile agus chuadar abhaile. Dith sé a shuipéar agus chuaidh sé chodhladh. Codail sé go maith an oidhche sin. Deirigh sé ar maidin lá na dhiaidh sin dith a bhricfeasta agus dfhiafhruig sé céard a bheadh le déanamh aige. Dubhairt an t-sean bean a bhí sa gcluid go raibh sí féin le tabhairt siar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairbre Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe