Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 08_005](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_08%2FCBES_0070C_08_005.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 08_005
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 08_005
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i gConmara aon uair amháin agus theastuigh obair uaidh. Aon lá amhain dubhairt sé go dtiochfadh sé ag iarraidh oibre. Dimthigh sé leis nó gur shroich sé Beal Athá na Sluagh. Cuaidh sé ag obair ag fear a bhí ag déanamh tighe. Dhéanadh sé píosa de'n teach chuile lá agus ar maidin bíodh sé leagtha. Aon odhche amhain chuaidh sé suas sa gcrann le go mbeadh fhios aige ce a bhí ag leagan an tighe agus thug sé leis go leor clocha. An oidhche seo tháinic trí fhathach agus thosuigh siad ag leagan tighe. Chaith sé c loch le duine aca agus bhuail sé sa gcluais é agus mharbhuigh sé é. Rinne an fear seo an cleas céadna an chéad oidhche eile. Tháinic dhá fhathach agus thosuigh siad ag leagan an bhalla. Chaith an fear cloch le duine aca agus bhuail sé sa bpus é. Cheap an fathach gurb é an fathach eile a chaith an chloch leis agus thosuigh sé ag troid leis. Bhí siad ag troid ar feadh tamaill agus sa deiridh marbhuigheadh an fathach a buaileadh cloch sa bpus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe