Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí gabha dubh ann aon uair amháin agus tháinic an Spiorad Naomh go dtí é lá agus díafruig sé dhe a bhféadfadh sé iasacht na mbuilg a thabhairt dho go ceann tamaill, go raibh dhá bhean aige agus go gcaithfeadh sé aon bhean amháin a dhéanadh asta. Dubhairt an gabha go dtiubhradh
Fuair sé an dá bhean agus chuir sé síos sa teineadh iad nuair a bhí siad dóighthe thug sé amach na cnámha agus leag ar an inníuin iad agus bhuail sé buille den ord orra agus rinne sé bean óg asta. Nuair a bhí sé réidh dubhairt sé leis an ngabha go dtiubhradh sé trí ghifte ar bith dhó a díarrfadh sé air _ dá mba grásta é go raibh sé le fágail aige. Díarr an gabha na giftí seo _ aon duine a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Gráinne
- Inscne
- Fireann