Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deara go maith é acht níor leig sé air fhéin é agus níor dhubhairt sé aon cheo no go raibh an t-Aifreann thart agus gach aon t-sórt - Nuair a bhí chuaidh an sagart ar lorg an "Buachaill Bó" agus chuaidh se 'un cainnte leis agus d'fiafhruigh sé dhe cé'n chaoi ar chaith sé an t-seachtain seo ó bhí sé ag an Aifreann an Domnach cheana nó ar bhí an obair céadna bhí air agus bhí i gcomhnuidhe air nó a ndearna sé aon cheo as an mbealach ó bhí sé ag an Aifreann seachtain go Domnach seo. Dubhairt an "Buachaill Bó" nach ndearna acht in dhiaidh na mbeithigh i gcomhnuidhe agus ag fosuidheacht leo ar an sliabh. Dubhairt an Sagart aríst go ndearna sé rud eicínt as an mbealach nó obair nua eicínt nach mbeadh sé ag déanamh roimhe seo. Ní dhearna mé aon obair nua agus ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe