Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Tá mo chleamhnas déanta ó san oidhche athrú aréir.
Dheamhan a modh na go dtaithnigheann an bhean liom fhéin.
Ó fághsa mé mo dhiaidh í agus éalód liom fhéin
Amach faoi na coilltibh créamach.
II
d'eirigh mise fhéin dhá uair roimh an lá
Agus fuair me litir ó mo mhíle grádh
Chuala mé an lonnrach 'gus an chéirseach ghá rádh
Gur éaluigh mo ghrádh thar sáile.
III
Shiúbhail mé thoir 'gus shiúbhail mé thior
Shiúbhail mé Sasana 'gus páirce Blá Cliath
Samhail ó mo chailín ní fhaca mé ins an áit
Acht an bhean dubh thug mé grádh di.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe