School: Áth na gCoire
- Location:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán P. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áth na gCoire
- XML Page 235
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann aon uair amhaín agus bhí sí ag fághail triúr fear le posadh agus bhí sí i gCoirnéal agus i bponnc no ní rabh fhios aici cia’ca de’n triúr a phósad sí. Greasáidhe a bhí sa chead fhear, brothhaire no buistear a bhí sa darna fear agus feirmeoir an triomhadh duine. Ar chumha ar bith smaointigh sí ar chleas agus seo an rud a rinne sí. Ghleas sí i fein suas I sean eadaigh an chead oidhche (agus) dimthigh leithe go dti teach an ghreasaidhe agus diarr loistín ar an bhean a bhí sa teach (bean a toighe). Dubhair an bhean leíthe nac dtiocfadh leithe loistín na hoidhche a thabhairt duite, go raibh mac aici agus nach mbeád sé sásta da bhfeicfeadh sé duine ar bith ar loistín annsin. San deireadh thiar thall indiaidh mórán cainnte ghlac sí isteach í agus rinne sráideóg ar an úrlar duithe. Ní raibh sí abhfhad annsin nuair a tháinig an mac agus ní raibh ann acht gur bhuail sé a mháthair cionnus gur choinnig sí an bhean seo agus dubhairt sé nac bfuigheadh sí (an bhean bhocht) greim ar maidín, go dtiocfadh leithe a dhul amach mar a tháinig sí isteach.
Bhí an bhean bhocht ag eisteacht rith an ama agus dubairt sí in a inntinn fein go raibh reid leis a sin ar scór ar bith. An dara h-oidhche rinne sí an cleas ceudna agus dimhtigh go teach an bhuisteardha(continues on next page)- Collector
- Seán P. Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Occupation
- Oide