School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Dll. De Grás
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 075
- XML “Ainmneacha Áiteanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)innti. Tá crann mór ag fás ar a lár agus tá tobar bréagh glan le h-ais an chrainn sin.
Coill-dá-Ríogh:- Sin áit le h-ais Baile-Liaim. Bhí beirt rí ag troid ins an áit sin aon uair amháin, agus tá dhá chloich mhóra i lár na roilge sin, agus tá lorg a chlaidh ortha. Tá an beirt rí curtha le-chéile in aon uaigh amháin.
Log-an-Aifrinn:- Sin áit íseal a mbíodh na sagairt ag léigheadh an Aifrinn innti ar son an creidhimh nuair a bhí na dlighhthe peannaidheacha i bhfeidhm in Eirinn, agus tá an t-ainm sin uirthi fós.
Ceapa-na-Grúb:- Sin í páirc mhór agus bíonn an féár ag fás go h-árd innti. Bhí fear aon oidhche amháin ag siubhal tríd an bpáirc sin, agus bhí sparán óir aige, agus dubhairt sé go gcuirfeadh sé é i bhfolach ar agaidh na gealaighe. An oidhche in a dhiaidh sin, tháinig sé go dtí an áit chun an sparán a fhagháil, agus gach áit in ar stad sé, bhí sé ar aghaidh na gealaighe, agus ní bfuair sé é ariamh ins an áit in a ar chuir sé i bhfolach é.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Address
- Classaghroe, Co. Galway
- Informant
- Mícheál Ó Coileáin
- Gender
- Male
- Address
- Classaghroe, Co. Galway