Scoil: Craig Dhubh

Suíomh:
Cregduff, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Mac Giobúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Craig Dhubh
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Scéal - An Bhréag agus an Fhírinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Anois" arsan sean chat "tá sgéal núadh agam lé h-inseacht dhíobh, agus sul a n-insíghinn é gabh amach agus cúartuigidh an roilig ar faithcíos go mbeadh neach ar bith ag éisteact liom."
    Chúaidh na cait amach ag cúartúghadh acht ní bfúair síad aon duine.
    "Anois arsan sean cat tá cailín óg tinn, a bhfuil saidhbreas na saidhbhris aicí, agus níl doctúir ar bith in ann í a leighisiú, agu[s] béidh sí agam mar mnaoí."
    "Dá bhfágadh sí braon lé n-ól d'en tobairín sin thíos nach mbeadh sí leigheasta" arsa cat eile.
    "Dá gcuirfeadh fear caoch braon ar a súilí nach mbeadh sé leigheasta" arsa cath eile.
    D'imtigh na cait annsin lé breacadh an lae agus chúaidh an fear chuig an tobairín, nigh sé a shúilí agus thug sé buidéalín de'n uisce chuig an gcailín. Núair a bhlas an chailín d'en uisce bhí sí go maith agus bhí a radharch ag an bfear. Do phósadh íad annsin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annie Burke
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cappacurry, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Mr Bourke
    Inscne
    Fireann