School: Leithinis (roll number 5120)
- Location:
- Lehinch Demesne, Co. Mayo
- Teacher: Aonghus Mac Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithinis
- XML Page 151
- XML “Scéal - Leigheas Fhear an Chapaill Bháin”
- XML “Tomhais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gach lá da mbíodh fear a' chapaill bháin ag dhul an bhóthair bhiodhsé in a bhail-odhair ag máithreacha an pharáiste ag teacht roimhe san mbealach ag iarraidh leighis da gcuid páisdí.
Bris a fhoighid ar mo dhuine i ndéire na dála agus ar seisean leis féin, "cuirfidh mise scop leis an odhair sin no caillfidh mé leagan leis." Lá'r na bhárach agus é a'dhul go dtí an baile mór tháinig bean amach ag cuir go bog 'gus go cruaidh air a maicín a leigheas. "Muise" ar seisean "Níl le déanamh acht bainne ciche círche a bhleaghan i n-adharc muice agus cleite cait a chur dá shuathadh agus an deoch sin a thabhairt do'n mhalrach." Chuaidh an bhean bocht abaile ag cainnt léithí féin agus mise i mbannaí nár tháinig áon duine in-a ghoir na in a ghaobhar ó sin i leith. - Éirigh a inghean agus téirigh go teach t-inghine mar rug inghean t-inghine inghean óg aréir
[C]eist Cé méid glún é sin.? Freagra: Cúig!- Collector
- Máire Ní Sheoighe
- Gender
- Female
- Address
- Clooneen, Co. Mayo
- Informant
- Máighréad Uí Riabhaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 87
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ballintober, Co. Mayo