School: Coillte Mághach (roll number 12520)

Location:
Kiltamagh, Co. Mayo
Teacher:
Máirtín Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0118, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0118, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coillte Mághach
  2. XML Page 255
  3. XML “Churning - Ag Déanamh Maistre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an chuinneog an soitheach a gcuirtear an bainne nó an t-uachtar nuair a bítear ag dul ag deanamh maistre. Tá an soitheach seo tuairim is slat ar áirde. Tá sé cruinn i gcuma agus tá sé troigh go leith ar leitheadh ag á na bhun, ach níl sé baileach chomh leathan ag á na bhéul. Caoluightear isteach é ó'n mbun go dtí rud beag thar an lár, nuair a leathnuightear amach airís é.
    Deantar an chuinneog de adhmad maith darach, agus cuirtear fonnsaí iarainn thart uirthe. Sé an ceárdaidhe a ghníonns an chuinneog an cúipéir. Ar bhéul na cuinneoige bíonn an clár agus poll thrí n a lár lé h-aghaidh cos na luithne. Is leis an luithne a ghníthear an maistre; 'sé sin le rádh, gur léithe a buailtear an t-uachtar nó an bainne a cuirtear isteach sa gcuinneoigh agus is ar chois na luithne a bheireanns an duine tá ag bualadh greim.
    Ar fhaitchios go ngabhfadh an iomarca de'n uachtar tríd an poll sin ins an clár le linn an bhuailte cuirtear cláirín beag eile os a chionn sin a dtugtar an claibín air.
    Gníthear maistre faoi dhó sa tseachtmhain.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cearbhaill
    Gender
    Male